Sparánacht Bhrainse Átha Cliath, Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí
The NUJ Dublin branch has launched a bursary to encourage a new generation of Irish language student journalists into the profession.
The initiative is based on the principle that all communities should see themselves reflected in the public discourse and that a bursary such as this will encourage students to consider a career in Irish language journalism.
Titled Sparánacht Bhrainse Átha Cliath, Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí, the €3,000 bursary is open to student members of the NUJ currently in third-level education in Ireland.
Irish language journalists face the dual challenge of developing a journalistic skillset in a historically marginalised language while at the same time trying to build careers in a media landscape dominated by the English language.
Speaking at the launch of the bursary, Éanna Ó Caollaí, NUJ Dublin branch member said:
“This bursary is an important investment in Irish language journalism. It recognises the obstacles faced by young journalists today and we hope that it will be an incentive to those who wish to explore the possibilities of a career in Irish language journalism.”
“It is important that all voices are reflected in the media, and we hope this initiative will encourage applicants to consider a future in Irish language journalism.”
To apply for the bursary, applicants must be current student members of the NUJ prior to the closing date for applications and must also demonstrate that they are in third-level education.
Applicants are being asked to submit a previously unpublished 500-word article, as Gaeilge, outlining their view of Irish language journalism and how they would like to see it evolve.
The winner will be asked to write an 800-word article at the end of the 2025-2026 academic year to document their year while promoting NUJ student membership and the bursary scheme.
The closing date for applications is 5pm, 23 January 2026.
Application:
- Bursary will cover up to a maximum of €3,000 (or sterling equivalent) in course fees. The successful applicant will be asked to provide proof of course fees.
- Applicants must be in third-level education in Ireland (full or part-time)
- Bursary applies for a maximum of one year
- Applicants must be a student member of the NUJ before the closing date for applications. NUJ membership number must be included in the application.
- To enter, each applicant must submit 500-word article outlining their interest in Irish language journalism.
- Applications can only be made using official third-level email address.
- One application per applicant.
- Applicants may be asked to provide an academic reference.
- The judges’ decision is final and no correspondence will be entered into.
Please apply by email to [email protected] before 5pm, 23 January 2026.
Irish Executive Council members Cearbhall Ó Síocháin (left) and Éanna Ó Caollaí (right) launch the bursary at NUJ Irish delegate conference in Dublin.
© Maxwell Photography
//
Tá sparánacht nua seolta ag Brainse Átha Cliath de Cheardchumann Náisiúnta na nIriseoirí chun glúin nua iriseoirí Gaeilge a spreagadh isteach sa ghairm.
Is minic go mbíonn dúshláin breise roimh iriseoirí na Gaeilge: caithfidh siad scileanna iriseoireachta a fhoghlaim, go minic i dteanga eile – de ghnáth an Béarla – rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra uaireanta barr feabhais a bhaint amach sa teanga oibre.
Ní gan dua a dhéantar gairm trí mheán na Gaeilge a threabhadh amach i ngort ina bhfuil an Béarla i réim.
Ceapadh an sparánacht €3,000 seo chun tacaíocht a thabhairt do mhic léinn ar spéis leo gairm a bhaint amach in iriseoireacht na Gaeilge.
Bunaíodh Sparánacht Bhrainse Átha Cliath, Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí ar an bprionsabal gur cheart go mbeadh gach pobal rannpháirteach sa dioscúrsa poiblí agus gur cheart go mbeadh pobal na Gaeilge san áireamh ansin.
Dúirt Éanna Ó Caollaí, atá ina bhall de Bhrainse Bhaile Átha Cliath de Cheardchumann Náisiúnta na nIriseoirí:
“Is infheistíocht thábhachtach í seo in iriseoireacht na Gaeilge. Aithníonn an sparánacht seo go bhfuil dúshláin agus constaicí breise roimh dhaoine ar mian leo gairm a bhaint amach in iriseoireacht na Gaeilge.
“Níl an oiread céanna cúrsaí oiliúna nó tacaíochtaí ar fáil agus níl na deiseanna gairme céanna ann ach oiread agus atá i saol an Bhéarla.”
Chun iarratas a dhéanamh ar an sparánacht, tá ar iarrthóirí alt 500 focal (nach raibh foilsithe go dtí seo) a scríobh i nGaeilge. Iarrtar orthu cur síos a dhéanamh ar an suim atá acu in iriseoireacht na Gaeilge agus a dtuairimí a thabhairt faoin gcaoi ar mhaith leo forbairt a fheiceáil ar iriseoireacht na Gaeilge amach anseo.
Caithfidh iarrthóirí a bheith ina mbaill mhic léinn reatha de Cheardchumann Náisiúnta na nIriseoirí roimh an spriocdháta d'iarratais agus a thaispeáint go bhfuil siad in oideachas tríú leibhéal.
Iarrfar ar an buaiteoir alt 800 focal nó píosa iriseoireachta a scríobh ag deireadh an bhliain acadúil seo chun an sparánacht agus ballraíocht mac léinn NUJ a chur chun cinn.
Spriocdháta: 5pm Eanáir 23, 2026
Próiseas iontrála:
- Clúdófar táillí cúrsa le €3,000 (nó an luach céanna in stg). Beidh ar an buaiteoir fianaise ar chostas na táillí a chur ar fáil.
- Beidh ar na hiarrthóirí bheith ina mic léinn (lán nó páirt aimseartha) in Éirinn.
- Is don bhliain acadúil 2025-26 an sparánacht seo.
- Ní mór d’iarrthóirí a bheith ina mbaill mhic léinn den NUJ roimh an spriocdháta d’iarratais. Ní mór uimhir bhallraíochta NUJ a bheith san áireamh san iarratas.
- Ní féidir iarratais a dhéanamh ach amháin ó sheoladh ríomhphoist oifigiúil tríú leibhéal.
- Iarratas amháin in aghaidh an iarrthóra.
- D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí tagairt acadúil a sholáthar.
- Ní mór do gach iarrthóir alt 500 focal a chur isteach ina leagtar amach a spéis san iriseoireacht Gaeilge.
- Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na moltóirí. Ní dhéanfar aon chomhfhreagras faoi.
Seo iarratas chuig [email protected] roimh 5pm Eanáir 23, 2026
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.